Naíonra Montessori de hÍde
Bunaithe 1984
"Timpeall, Timpeall Rothaí an chairr
Rothaí ag casadh Timpeall"
Is beag a thuigeann páistí óga sa Naíonra agus iad ag casadh an rann beag sin lá i ndiaidh lae cé chomh tapaigh is atá rothaí an tsaoil ag casadh timpeall agus An Naíonra ag ceiliúradh 25 bliain.
I 1984 nuair a d’oscail mé An Naíonra in Uarán Mór chun seirbhís réamhscolaíochta trí Gaeilge a chuir ar fáil do pháistí beaga na háite ní raibh ann ach scéim píolóta. Ceathrar páiste a d’fhreastail ar an Naíonra an chéad lá -Emmet Connolly, Michelle O'Grady, Connor Farrell agus David Millar.
Níorbh fhada gur tháinig fás agus méadú ar líon na bpáistí a bhí ar lorg réamhscolaíochta trí mheán na Gaeilge mar go bhfaca tuismitheoirí na torthaí breátha a bhí ar ár gcuid oibre sa Naíonra. D’fhoghlaim na páistí Gaeilge go nádúrtha trí modh an spraoi. Bhí an clár oibre bunaithe ar na séasúir, ar an dúlra agus ar an gcladach. Bhí réimse mór gníomhaíochtaí ar súil ag na páistí agus de réir a chéile tháinig fás agus forbairt ar an foclóir agus na frásaí beaga a bhí ar eolas acu.


To find out more about us, please click
For further informations, please contact us on